Origin: U.S.A.
(Import costs included in the price)
It will be shipped from our warehouse between Monday, June 17 and Wednesday, July 03.
You will receive it anywhere in United Kingdom between 1 and 3 business days after shipment.
An Leabhar Craicinn: Scéalta Earótacha (in Irish)
Panu Petteri Höglund
Synopsis "An Leabhar Craicinn: Scéalta Earótacha (in Irish)"
Deirtear go bhfuil litríocht na Gaeilge seachantach i leith cúrsaí craicinn agus nach maith lenár gcuid scríbhneoirí lomchuntas a thabhairt ar an ngrá collaí. Chuaigh Panu Petteri Höglund i mbun pinn leis na líomhaintí seo a bhréagnú scun scan, agus seo é an toradh: ceithre scéal earótacha i nGaeilge shaibhir nádúrtha agus iad suite i saol an lae inniu. -- "Gormfhlaith" Bhí sí doirte don fhear lách áirithe sin le dhá bhliain anuas agus an chuma ag teacht ar an scéal nach bhfaigheadh sí óna misneach oiread is focal a labhairt leis choíche. Ní mar a shíltear a bhítear áfach. -- "An Ríomhghrá" Is minic a chastar daoine ar a chéile ar an Idirlíon, agus uaireanta bíonn cleamhnas ann. Cleamhnas rathúil, fiú... -- "Sadhbh" An cailín cúthail í an t-ábhar óg leabharlannaí i ndáiríre? -- "Caitríona" Cé acu is fearr léi, grá nó cóisir chraicinn? -- Scríbhneoir agus teangeolaí ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund agus é meáite ar litríocht éadrom a sholáthar do lucht na Gaeilge. Rinne se dianstaidéar ar litríocht agus ar bhéaloideas na nGaeltachtaí go léir leis na héilimh is airde a shásamh ó thaobh fheabhas na teanga agus na stíle. Tháinig altanna leis i gcló ar "Ghaelscéal", chomh maith le scéalta ar "An Gael" sna Stáit Aontaithe. Seo an tríú leabhar leis a d'fhoilsigh Evertype.