Origin: U.S.A.
(Import costs included in the price)
It will be shipped from our warehouse between Monday, June 24 and Wednesday, July 10.
You will receive it anywhere in United Kingdom between 1 and 3 business days after shipment.
An Leabhar Nimhe: Scéalta a Fuair Spreagadh ó h. P. Lovecraft (in Irlandés)
Panu Petteri HÖGlund; S. Albert Kivinen
Synopsis "An Leabhar Nimhe: Scéalta a Fuair Spreagadh ó h. P. Lovecraft (in Irlandés)"
Cúig ghearrscéal uafáis in aithris ar stíl an Mheiriceánaigh H. P. Lovecraft, a chruthaigh seánra nua scéalta uafáis-an tUafás Cosmach. "Cuitiliú": An raibh na Seanóirí Móra ag siúl na hÉireann riamh? Caitheann an scéal seo súil ar leathanaigh dhearmadta Chín Lae Amhlaoibh. "Scairt na Réalta": D'fhág a athair lámhscríbhinní rúndiamhra Gaeilge aige, agus nuair a léigh sé iad, mhothaigh sé na réaltaí ag glaoch air. "An Leabhar Nimhe": Níor theastaigh uaidh ach seanleabhair Ghaeilge leis an teanga a fhoghlaim, ach ansin, tháinig ceann chuige a raibh nimh ann. "Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen" atá i gcroí an bhailiúcháin seo-duais-scéal an fhealsaimh Fhionlannaigh S. Albert Kivinen, a chuir Lovecraft in aithne do léitheoirí fantaisíochta na Fionlainne. Sa scéal seo, tugann Kivinen cur síos ar arrachtach cosmach a rinne a nead in Ikaalinen, baile beag margaidh san Fhionlainn-fód dúchais an scríbhneora féin. "Paappana, nó Ceol Erkki Santanen": Tharraing ceol an chlub na céadta daoine óga go dtí bruachbhaile leathlofa. Ach ansin, bhí an dúchinniúint ag fanacht leo thíos sa siléar. Panu Petteri Höglund a d'aistrigh gearrscéal Kivinen go Gaeilge agus a scríobh na ceithre cinn eile a fhoilsítear faoi chlúdach leabhair anseo. Casfar uafás cosmach Lovecraft ort san Fhionlainn agus in Éirinn, i saol an lae inniu agus i saol an lae roimh an Drochshaol. Chaith Panu Petteri Höglund na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar Ghaeilge na gcainteoirí dúchais le go bhféadfadh sé scéalta a insint i stíl a mbeadh blas ceart na teanga uirthi. Is é an bailiúchán gearrscéalta seo an dara leabhar Gaeilge a tháinig óna pheann. Na scéalta leis féin a fhoilsítear anseo, chuaigh siad i gcló an chéad uair in "An Gael", iris Chumann Carad na Gaeilge sna Stáit Aontaithe.