Millions of books in English, Spanish and other languages. Free UK delivery 

menu

0
  • argentina
  • chile
  • colombia
  • españa
  • méxico
  • perú
  • estados unidos
  • internacional
portada Gítá Ashtávakra - AṣṬĀvakra Gītā: Eagrán Dátheangach i Sanscrait Agus i Ngaeilge (in Irlandés)
Type
Physical Book
Publisher
Year
2019
Language
Irlandés
Pages
158
Format
Paperback
ISBN13
9781782012573

Gítá Ashtávakra - AṣṬĀvakra Gītā: Eagrán Dátheangach i Sanscrait Agus i Ngaeilge (in Irlandés)

Ashtavakra (Author) · Evertype · Paperback

Gítá Ashtávakra - AṣṬĀvakra Gītā: Eagrán Dátheangach i Sanscrait Agus i Ngaeilge (in Irlandés) - Ashtavakra

Physical Book

£ 19.16

  • Condition: New
Origin: U.S.A. (Import costs included in the price)
It will be shipped from our warehouse between Monday, June 24 and Wednesday, July 10.
You will receive it anywhere in United Kingdom between 1 and 3 business days after shipment.

Synopsis "Gítá Ashtávakra - AṣṬĀvakra Gītā: Eagrán Dátheangach i Sanscrait Agus i Ngaeilge (in Irlandés)"

Nuair a bhí Ashtávakra i mbroinn a mháthar chuala sé a athair agus na Scrioptúir aige á n-aithris: an chéad rud eile, nár thosaigh sé ag tabhairt amach dó! Níl agat, arsa an suth sa bhroinn leis, níl agat ach tuiscint acadúil do na Scrioptúir. Ní beo suthain ionat iad!Bhí an t-athair curtha amach mar gheall air sin agus chuir sé a mhallacht ar Ashtávakra. Nuair a tháinig an leanbh ar an saol, bhí ocht mórmháchail ar a chorp agus sin é is brí lena ainm, aṣṭa ‘ocht’, vakra ‘lúb’. Ní lúbtha cam atá a theagasc, áfach, ach caol díreach!Míniú eile ar na máchailí sin a bhí air ná go raibh sé ag casadh is ag lúbadh an t-am ar fad sa bhroinn toisc nach raibh na Scrioptúir á n-aithris go cruinn ag a athair, ó thaobh na foghraíochta de. Rud beo, rud beannaithe is ea teanga agus is mór an peaca é oiread is siolla amháin a chur as a riocht.Agus é ina ógánach, thug Ashtávakra cuairt ar an Rí Janaka agus nuair a chonaic sé na scoláirí móra ann ag gáire faoin gcuma aisteach a bhí air, ar seisean leis an Rí: “Níl iontu san, a Mhórgacht ach gréasaithe bróg, súdairí!” Is é a bhí i gceist aige leis sin ná an méid seo: ní fheiceann an gréasaí bróg is an súdaire ach craiceann an ainmhí, an taobh amuigh.Thuig Janaka láithreach go bhféadfadh sé rún na beatha a fhoghlaim ón mairtíreach óg sin agus sa chéad véarsa den Gítá lorgaíonn sé an t-eolas sin. Samhlaigh an t-iontas a bhí ar na “gréasaithe” go léir, na cúirtéirí uaisle, nuair a thug an rí “Tiarna” ar Ashtávakra. Ó sea, baineadh preab as na gréasaithe ar chloisteáil an fhocail “Tiarna” dóibh. Lig don leabhar seo, Gítá Ashtávakra, preab a bhaint asatsa.Conas a tharla sé seo go léir? Deirtear go raibh tromluí ar Janaka. Ionsaíodh a phálás agus b’éigean dó dul ar a theitheadh san fhoraois. Tháinig ocras air tar éis cúpla lá. Chonaic sé manaigh i mbun deasghnátha agus ba mhór an faoiseamh dó an radharc sin: bheadh bia is deoch ar fáil dó. Bhí roinnt leitean ar dhuilleoga banana á dháileadh ag na manaigh ar na boicht agus nuair a fuair Janaka a chuid, d’imigh sé chun a lámha a ní sula gcromfadh sé ar ithe. Ach nuair a tháinig sé ar ais, bhí an leite sciobtha ag gadhar. Dhúisigh sé ina leaba, faoi bhraillíní sróil, allas air.Cad ba bhrí leis an taibhreamh? Ní raibh na scoláirí—na gréasaithe—ar aon fhocal. Na nithe a thit amach dó sa taibhreamh, ar tharla siad? Dáiríre fíre? Cad is taibhreamh ann sa chéad áit? Nuair nach raibh freagra ar bith ar fáil, nocht Ashtávakra na nOcht gCam. Thosaigh na scoláirí—na maithe is na móruaisle—ag gáire faoi. Thosaigh Ashtávakra ag gáire ar ais. Gréasaithe a thug sé orthu, nó súdairí. Is é an súdaire—sa tSanscrait śūdra—an ceast nó an tsainaicme is ísle san India.

Customers reviews

More customer reviews
  • 0% (0)
  • 0% (0)
  • 0% (0)
  • 0% (0)
  • 0% (0)

Frequently Asked Questions about the Book

All books in our catalog are Original.
The book is written in Irlandés.
The binding of this edition is Paperback.

Questions and Answers about the Book

Do you have a question about the book? Login to be able to add your own question.

Opinions about Bookdelivery

More customer reviews